Enric Lluch

I Valencia sa Spáinn a rugadh Enric Lluch i Girbés. Scrtíbhneoir do pháistí agus do dhéagóirí é, agus is sa Chatalóinis a scríobhann sé. Tá os cionn 60 leabhar foilsithe aige.

Ar na duaiseanna atá buaite aige tá Duais Jaume I i dtaighde na staire, Duais Samaruc don leabhar is fearr i Valencia (faoi dhó), Duais Joan Armades do leabhair do pháistí, agus go leor eile. Tá a chuid leabhar aistrithe go Spáinnis, Fraincis agus Béarla.

Tá dhá shraith dá chuid ar fáil i nGaeilge, 'Na hArrachtaí' agus 'Cosa Beaga'.

Pictiúrleabhar álainn lándaite sa tsraith 'Arrachtaí' dírithe ar léitheoirí óga. Scéal spraiúil grinn a léiríonn an taobh ‘greannmhar’ den taibhsiúlacht. Líonfaidh na leabhair seo beárna mhór i réimse léitheoireachta (agus i bhfoclóir) an ghasúir — agus léifear í le fonn agus le scleondar. Tá ocras ar an vaimpír, Ladaslás. Ach tá a chuid fiacla maol, agus níl sé in ann plaic a bhaint as duine ar bith. Níl saol éasca ag an vaimpír!!!
Tuilleadh
Tá Daidí ag péinteáil sa teach. Tá Cathal ag iarraidh cabhrú leis. Ach níl sé an-chúramach! Pictiúrleabhar is ea Ag Péinteáil an Tí sa bhailiúchán Cosa Beaga do léitheoirí óga 6-8 mbliana d'aois.
Tuilleadh
Tá ocras ar an gCailleach Liath. Tá sí bréan de choiníní draíochta agus úlla nimhe. Níl aon rud eile le hithe sa teach! Ach cad a tharlaíonn di nuair a théann sí go teach atá déanta as seacláid!
Tuilleadh
Tá Cnáimhín ag iarraidh peil a imirt, mar a dhéanann daoine. Ach tá a mhuintir ag iarraidh a mhíniú dó gur cnámharlach é, agus nach féidir leis peil a imirt. Ach an stopfaidh sé sin Cnáimhín?
Tuilleadh
Tá an teas casta as sa mhúsaem agus tá faitíos ar an mumaí agus a chairde go mbeidh siad fuar. Le cabhair an leoin, socraíonn an mumaí dul ar ais go dtí an Éigipt. Ach is fada an bealach é!
Tuilleadh
Tá pluais ar an sliabh. Le faitíos a chur air, deir na páistí le Dónall go bhfuil rud éigin ina chónaí inti. Ach an bhfuil an ceart acu? Pictiúrleabhar is ea An Phluais sa bhailiúchán 'Cosa Beaga' do léitheoirí óga 6-8 mbliana d'aois.
Tuilleadh
Níl sé éasca zombaí maith a fháil. Bhí an draoi ag iarraidh zombaí don chomórtas mór zombaithe, ach meas tú cén sórt zombaí a fuair sé dó féin sa deireadh?
Tuilleadh

Bailiúchán pictiúrleabhar álainn lándaite atá sa tsraith 'Arrachtaí', agus í dírithe ar léitheoirí óga. Scéalta spraiúla grinn a léiríonn an taobh ‘greannmhar’ den taibhsiúlacht. Líonfaidh na leabhair seo beárna mhór i réimse léitheoireachta (agus i bhfoc

Tuilleadh
Níl saol éasca ag Fear an Mhála sa lá atá inniu ann. Is deacair páistí a scanrú. Ní hamháin sin, ach tá go leor acu chomh tanaí agus nach féidir iad a ithe!
Tuilleadh